33. Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.
34. Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
35. Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.
36. Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.
37. Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
38. Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.
39. Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é.
40. Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.
41. Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe,
42. Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
43. Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.
44. Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.
45. Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi,
46. Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.