Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:28-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh.

29. Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa;

30. Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.

31. Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:

32. Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.

33. Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.

34. Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.

35. Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh.

36. Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.

37. Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:

38. Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22