Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:11-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?

12. Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.

13. Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus dullmhuigheadar an cháisg.

14. Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris.

15. Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé:

16. Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.

17. Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é.

18. Oír a deirim ribh, Nach iobhta mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé.

19. Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa.

20. Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.

21. Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd.

22. Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é!

23. Agus do thionnsgnadarsan a fhíafruigh eatarra féin, cía aca bhíadh ar tí so dheanamh.

24. Agus fós déirghidh imreasain eatarra, cía aca measfuighthe bheith ní as mó.

25. Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh.

26. Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar an té do ní miniosdralachd.

27. Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an mbórd, nó an tí friothólamh? a né nach é an té shuigheas ag bidh? achd atáimsi eadruibhse mar an té do ní friotholamh.

28. Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh.

29. Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa;

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22