Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 22:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do dhruid féasda a naráin gan laibhín riu, dá ngoirthear an Cháisg:

2. Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.

3. Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an dá fhear dhéag.

4. Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh.

5. Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris airgead do thabhairt dó.

6. Agus do gheall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do bhrath dhóibh ab tan nach mbíadh an pobal a láthair.

7. Achd táinic lá a naráin gan laíbhín, ann ar bhéigin an tuan cásg do mharbhadh.

8. Agus do chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an túan cásg, do chum go níosamáois é.

9. Achd a dubhradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leachd sinn dá ullmhughadh?

10. Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach.

11. Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?

12. Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 22