6. Iádson do chíthise, tiocfuid láethe ann, nách bhfuigfighthear cloch air chloich dhíobh, nach sgáoilfighthear ó chéile,
7. Agus dfíafruigheadar dhe, ag rádh, A Mhaighisdir, cía a núair bhéid na neithesi? agus créd é an comhthartha bhías ann an tan do dhéantar íad so?
8. Achd a dúbhairt seision, Féachaidh nach meallfuighthear sibh: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag rádh, Is misi é; agus do dhruid a naimsir linn: ar a nadhbharsin ná leanuidh íad.
9. Agus an tan do chluinfidhe cogtha agus búaidheartha, ná bíodh eagla oruibh: óir is éigin íad so do theachd air tús; achd ní deireadh é fós.
10. A dubhairt sé ríu an tansin, Eireochaidh cineadh a naghuidh cinidh, agus rioghachd a naghaidh rioghachda:
11. Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta, agus plágha; agus neithe uathbhásacha agus comharthuighe móra ó neamh.