30. An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin.
31. Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.
32. A deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na neithesi uile.
33. Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.
34. Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.