Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 21:25-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;

26. Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.

27. Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir.

28. Agus an tan thionnsgóntar na neithesi do dhéanamh, féachuidh súas, agus togbhaidh bhár gcinn; óir is fogus dáoibh bhar bhfúasgladh.

29. Agus a dubhairt sé an chosamhlachdsa ríu; Féachaigh an crann fige, agus na huile chrann;

30. An tan sgeithid a nduilleabhar, air na fhaicsin dáoibhsi aitheantáoi úaibh féin gur fogus an samhradh ann sin.

31. Is mar sin dáoibhsi, an tan do chífí na neithesi déanta, bíodh a fhíos aguibh gur ab fogus atá rioghachd Dé.

32. A deirim ribh go fírinneach, Nach racha an dínisi thort, nó go ndéantar na neithesi uile.

33. Rachaidh neamh agus talamh thort: achd ní rachaid mó bhriathrasa thort go bráth.

34. Achd tabhruidh bhur naire dhíbh féin, deagla go mbíadh sibh tromchroidh theach úair ar bith í chráos, agus ó mheisge, agus ó rochúramuibh na beathasa, agus go dtiochfadh an lá úd go hobann oraibh.

35. Oir tiocfa sé mar dhul ar na huile dháoine dá náitrigheann ar úachdar na talmhan uile.

36. Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidho gach uile uair, ionnus go rucasfuigh gur fiú sibh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, agus go seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi Mhic an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 21