Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 21:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh.

16. Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh; agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis.

17. Agus biaídh fuáth ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa.

18. Achd ni racha rúainne do ghruaig bhar gcinn a múgha.

19. Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid.

20. Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 21