Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 21:14-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Ar a nadhbharsin daingnidhidh ann bhar gcroidhthibh, gan a smúaintiughadh roimhe láimh cionnas do fhreagóradh sibh an bhar son fein:

15. Oír do bheara misi béul dáoibh agus eagna, nach budh héidir lé bhur neasgcáirdidh uile labhairt ná cur na haghuidh.

16. Agus braithfidhthear sibh fós ó bhar naithreachaibh agus ó bhar maithreachaibh, agus ó bhar ndearbhráithreachaibh, agus ó bhar ngáoltuibh, agus ó bhar gcáirdibh; agus do bhéaruid fá deara cuidh dhibh do chur chum báis.

17. Agus biaídh fuáth ag gach uile dhuine dháoibh ar son manmasa.

18. Achd ni racha rúainne do ghruaig bhar gcinn a múgha.

19. Sealbhuighidh bhar nanmanna féin lé bhar bhfoighid.

20. Agus an tan do chífí Iérusalem ar na timchealladh ó shlúaghuibh, bíodh a fhios aguibh an tansin gur ab fogas a fásughadh.

21. An sin an dream bhías a ttír Iúdáighe teitheadh said fá na sléibhtibh; agus an luchd bhías ann a lar, imthigheadh said aisde; agus an dream bhías ar na machairidhibh ná héirgheadh síad a sdeach innte.

22. Oír a said so láeithe an dioghaltuis, ionnus go gcoimhlionfuidhthe na huile neithe atá sgríobhtha.

23. Agus budh trúagh do ná mnáibh bhías torrach, agus ag oileamhuinn ann sna láethibh úd! oír bíaidh riachdanas romhór ann sa dúithche, agus fearg ris an bpobalsa.

24. Agus tuitfid lé faobhar an chloidhimh, agus béarthar a mbraighdeanas íad chum na nuile chinidheach: agus bhíadh Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineadhachaibh, nó go gcoimhlíontar aimsearacha na Geinidheach.

25. Agus béid comharthuighe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuigh, agus ann sna réultannuibh: agus combrúghadh na gcinidheach ar an dtalamh, tré úathbhás; ag buirfigh don fhairge agus do na tonnuibh;

26. Agus racha a nanam as na dáoinibh tré eagla, agus tré bheith ag feitheamh ris na neithibh thiocfas ar an domhan: oír croithathear cumhachda neimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 21