40. Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.
41. Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?
42. Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,
43. No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?
44. Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é?
45. Agus a néisdeachd an phobuil nile a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin,
46. Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh;