Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 20:37-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

37. Achd go néiréochadh na mairbh, dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.

38. Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan.

39. Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú sin.

40. Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.

41. Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?

42. Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 20