Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 20:36-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Oír ní héidir léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.

37. Achd go néiréochadh na mairbh, dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.

38. Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan.

39. Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú sin.

40. Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.

41. Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?

42. Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,

43. No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?

44. Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é?

45. Agus a néisdeachd an phobuil nile a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin,

46. Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh;

47. Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 20