Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 20:33-43 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

33. Ar a nadhbharsin an sa neiséirghe cía aca súd dá madh bean í? óir do bhi si ag an mhóirsheisior na mnaoi.

34. Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Pósaid clann an tsáoghailsi mná, agus do bheirthear dfearuibh íad:

35. Achd cheana an dream mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad:

36. Oír ní héidir léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe.

37. Achd go néiréochadh na mairbh, dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob.

38. Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan.

39. Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú sin.

40. Agus níor lamhadar ó sin súas ní ar bith fhíafruighe dhe.

41. Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd?

42. Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis,

43. No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 20