22. An ceaduightheach dhúinne cíos do thábhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?
23. Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram?
24. Taisbéanaigh dhamh pighinn. Cia ar leis a níomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? Agus ar bhfreagra dhoibhsion a dubhradar, Lé Séasar,
25. Achd a dubhairt seision riu, Ar a nadhbharsin tabhruidh do Shéasar na neithe is lé Séasar, agus na neithe is lé Día do Dhía.
26. Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil: agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar.