2. Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?
3. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh freagra oram:
4. Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhi se, nó ó dháoinibh?
5. Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó?
6. Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.
7. Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó.
8. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi.
9. Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.
10. Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.