17. Achd ar bhféachain dósan órrtha, a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá sgriobhtha, An chloch do dhiultadar na sáoir is di so do rinneadh ceann an chuáinne?
18. Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.
19. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe láinha do chur annsan air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso.
20. Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin, ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin.
21. Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh, á Mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú agus theagaisgeas tú, agus nach bhfuil cion agad ar phearsain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir na fírinne:
22. An ceaduightheach dhúinne cíos do thábhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt?
23. Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram?