16. Tiocfuidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile. Agus an tan do chúaladarsan so, a dubhradar, Nár liege Día sin.
17. Achd ar bhféachain dósan órrtha, a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá sgriobhtha, An chloch do dhiultadar na sáoir is di so do rinneadh ceann an chuáinne?
18. Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe.