Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 20:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárla, áon do na láethibh sin, an tan do theagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do sheanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe maille ris na sinnsearuibh chuige.

2. Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?

3. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh freagra oram:

4. Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhi se, nó ó dháoinibh?

5. Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó?

6. Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin.

7. Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó.

8. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi.

9. Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.

10. Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.

11. Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.

12. Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot.

13. Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 20