Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 2:7-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

8. Agus do bhádar áodhairidhe sa dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, agns ag déanamh faire oidhche ar a dtréd.

9. Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad.

10. Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.

11. Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí.

12. Agus ag so comhartha dhíbh; Do ghéubhtháoi an leanabh ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur.

13. Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag rádh,

14. Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus síodhcháin ar an dtalamh, deaghthoil do na dáoinibh.

15. Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna dhúinn.

16. Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.

17. Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.

18. Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu.

19. Achd do thaisgidh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe.

20. Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar, mar a dubhradh riú.

21. Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.

22. Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da thaisbéanadh don Tighearna;

23. (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;)

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 2