Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 2:41-52 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Agus do ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a sollamuin na cásg.

42. Agus ar mbeith dhá bhliadhan déug dho, do chuadar suas go Híarusaléim, do réir ghnáthuighthe na sollamna.

43. Agus are geríochnughadh na, láetheadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan anleanabh Iósa a Níarusaléim; gan fhios do Ióseph ná dhá mháthair.

44. Agus, an tan do shaóileadar go raibh sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aitheanta.

45. Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar arís go Híarusaléim, dhá iarruigh.

46. Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag cur cheasd ortha.

47. Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh.

48. Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd.

49. Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar?

50. Achd níor thuigeadarsan na briathra do labhair se ríu.

51. Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe.

52. Agus dó bhí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóinibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 2