26. Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,
27. Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe,
28. Ann sin do ghabh seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé,
29. A Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain, do réir tfhocailféin:
30. Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá,
31. Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal.
32. Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.
33. Agus do ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na thimcheall.
34. Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh;
35. (Agus fós, rachaidh cloidh éamh tré thanamsa mar an gcéudna,) do chum go nochdfuidhe smúaintighthe as mórán do chroidhibh.