Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 2:25-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus, féuch, do bhí duine a Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann,

26. Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,

27. Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe,

28. Ann sin do ghabh seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé,

29. A Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain, do réir tfhocailféin:

30. Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá,

31. Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal.

32. Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél.

33. Agus do ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na thimcheall.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 2