Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 2:13-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag rádh,

14. Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus síodhcháin ar an dtalamh, deaghthoil do na dáoinibh.

15. Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna dhúinn.

16. Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur.

17. Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin.

18. Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu.

19. Achd do thaisgidh Muire na bríathrasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe.

20. Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar, mar a dubhradh riú.

21. Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.

22. Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da thaisbéanadh don Tighearna;

23. (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;)

24. Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla turtair, nó dha gheirrceach coluim.

25. Agus, féuch, do bhí duine a Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann,

26. Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 2