Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 2:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéasar Augustus, an domhan uile do mheas,

2. (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.)

3. Agus do chúadar eile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin,

4. Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí:

5. Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach.

6. Agns tárla, ar mbeith dhóibh ann sin, go dtangadar laéthe a hionbhuidhsean.

7. Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

8. Agus do bhádar áodhairidhe sa dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, agns ag déanamh faire oidhche ar a dtréd.

9. Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 2