Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 19:30-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.

31. Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.

32. Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.

33. Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?

34. Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.

35. Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.

36. Agus ag imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe.

37. Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;

38. Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.

39. Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh.

40. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.

41. Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son,

42. Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.

43. Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh.

44. Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.

45. Agus ar ndol a sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhi ag reic, do thionnsgain cé an dream do bhi ag reic agus ag ceannach ann, do chur amach;

46. Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha, Mo thighse is tigh urnuighe é; achd cheana do rinneabhairsi tuimighthe bhiothamhnach dhe.

47. Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh,

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 19