Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 19:3-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn.

4. Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil.

5. Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.

6. Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.

7. Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich.

8. Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.

9. Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.

10. Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.

11. Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.

12. Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais.

13. Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé.

14. Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn.

15. Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca.

16. Agus táinic án céadduine, ag rádh A thighearna, do ghnodhuigh do phiosa deich bpiosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 19