Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 19:29-44 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,

30. Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.

31. Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.

32. Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.

33. Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?

34. Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.

35. Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.

36. Agus ag imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe.

37. Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur;

38. Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh.

39. Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh.

40. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.

41. Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son,

42. Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh.

43. Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh.

44. Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 19