Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 19:26-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige.

27. Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.

28. Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.

29. Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,

30. Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.

31. Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.

32. Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.

33. Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?

34. Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air.

35. Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 19