Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 19:18-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus táinic an dara fear, ag rádh, A thighearna, do rinne do phíosa cúig piosa.

19. Agus a dubhairt ris an tesi, Bisi mar an gcéadna ós cionn cuig gcaithreach.

20. Agus táinic fear eile chuige, ag rádh, A thighearna, féuch, do phiosa do bhí agamsa a ttaisgidh a naipcin:

21. Oír do bhi heaglasa oram, tré gnr duine foghruáma thú: tógbhuidh tú súas an ui nár chuir tú siós, agus beanuidh tí an ní nar shiólchuir tú.

22. A dubhairtsion ris, As do bhéul féin do bheir imbreith ort, a dhriochshearbhfhoghantaigh. Do bhí a fhios agad gur dhuine forghrúama misi, thogbhus súas an ni nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ni nach ar shíochuir me:

23. Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach?

24. Agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é.

25. (Agus a dubhradarsan ris, A thighearna, atáid deich bpiosa aige.)

26. Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige.

27. Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.

28. Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.

29. Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh,

30. Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é.

31. Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air.

32. Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu.

33. Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 19