Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 18:28-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.

29. Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé.

30. Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an sa tsáoghal atá ag teachd.

31. Agus ar mbreith an dá fhear déag leis Diósa, a dubhairt sé riu, Féuch, téaghmáoid súas go Hiárusalem, agus críochnóchthar a dtimcheall Mhic an duine na huile neithe atá sgriobhtha ag na fáighibh.

32. Oír do bhéarthar do na Cineadhachaibh é, agus do dhéuntar fonnomhad faoi, agus maisleóchthar é, agus géubhthar do shelighibh air:

33. Agus ar na sgiúrsadh dhóibh muifid achd éireóchaidh sé a ris an treas lá.

34. Agus niór thuigeadarsan éin ní dhíobh so: agus do bhádar na briáthrasa foluighthe uátha, agus níor aithnigheadar na neithe a dubhradh ann.

35. Agus tárla, an tan do dhrnid sé ré Ierico, gur shuidh dall áirighe chois na sligheadh ag iarruidh déirce:

36. Agus an tan do chúaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis, dfiafruidh sé créd é so.

37. Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do bhí gabháil thairis.

38. Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi dénna trócaire oram.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 18