Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 18:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Achd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé, Fuilngidh na leinbh do theachd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na leitheid so rioghachd Dé.

17. A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.

18. Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach?

19. Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú máith dhiomsa? ní bhfuil éinnrach maith, achd Día, amaháin.

20. Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair.

21. Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 18