1. Agus a dubhairt sé fós cosamhlachd riú, gur ab éigin urnuighthe dhéanamh do ghnáth, agus gan a bheith leisgeamhuil.
2. Ag rádh, Do bhí breitheamh áirighe a gcathraigh áirghe, air nach raibh eagla Dé, agus ag nach raibh onoír do dhuine:
3. Agus do bhí baintreabhach áirighe ann sa chathruighsin noch tháinic chuige, ag rádh, Cóirigh mé air measgcaruid.
4. Agus niór bháill leision ar feadh tamuill: achd tar éis sin a dubhairt sé ris féin, Ce nach bhfuil eagla Dé oram, agus nach bhfuil onóir agam do dhuine;
5. Gidheadh do bhrígh go mbuaidhreann an bhaintreabhachsa mé dioghóla mé í, do chum nach dtiocfadh sé fá dheireadh dom bhuaidhreadh.
6. Agus a dubhairt an Tighearna, Eisdidh créd a deir breitheamh na héagcora.
7. A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall?
8. A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?