Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 16:8-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.

9. Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.

10. An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna.

11. Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas fírinneach ribh?

12. Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?

13. Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.

14. Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi uile: agus do rinniodar fonomhad faóision.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 16