6. Agus a seision, Céd miosúr ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath, agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.
7. Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.
8. Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.
9. Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.
10. An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna.
11. Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas fírinneach ribh?
12. Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?