Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 16:2-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Agus ar na ghairm chuige dho, a dubhairt sé ris, Créd é so do chluinim ort?

3. Agus a dubhairt an sdíobhard ris féin, Créd do dhéana mé? óir atá mo thighearna ag buáin na sdíobhardachda dhióm; ní héidiir leam roghmhar do dheanamh: agus is nair leam déirc iarruidh.

4. Atá a fhios agam créd do dhéana mé, ionnas, an tan cuirfightear as an sdíobhardachd me, go ngéubhuidh síad chucha mé dá dtighthibh féin.

5. Agus ar ngairm gach aóin leith dar dhligh a thighearna fiacha, a dubhairt sé ris an gcéd fhear, Gá mhéad a dhligheas mo thighearna dhíot?

6. Agus a seision, Céd miosúr ola. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhina, agus suidh go lúath, agus sgríobh a deich agus dá fhithchead.

7. Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.

8. Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.

9. Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.

10. An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna.

11. Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas fírinneach ribh?

12. Agus muna frioth ionnruic sibh a gcuid duine eile, cia bhearadh dhaóibh an ní is libh féin?

13. Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.

14. Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi uile: agus do rinniodar fonomhad faóision.

15. Agus a dubhairt seision ríu, Is sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine; achd is aithnid do Dia bhur griodhethe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaóine atá sé gráineamhnil a bhfiádhnuisi Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 16