Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 16:13-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.

14. Agus do Chúaladar fós, na Phairisnigh sanntacha, na neithesi uile: agus do rinniodar fonomhad faóision.

15. Agus a dubhairt seision ríu, Is sibhsi an dream sháorus sibh féin a bhfíadhnuisi na ndaoine; achd is aithnid do Dia bhur griodhethe: óir an ní atá fá mhóirchion a bhfiádhnuisi na ndaóine atá sé gráineamhnil a bhfiádhnuisi Dé.

16. Do bhí an reachd agus na faighe ann go teachd Eóin: ó shin a leith atá rioghachd Dé dhá shiosgéuluhadh, agus atá gach uile dhuine ag déanamh foiréigin air.

17. Achd as usa neamh agus talamh do dhul thort, ná áonphunc don dligheaddh do thuitim.

18. Gibh bé neach léigeas a bhean, agus phósus bean eile, do ní sé adhaltrannas: agus gidh bé bhéir an bheansin do leigeadh ó a do ní sé adhaltrannas.

19. Achd do bhí duine saidhbhir áirgighe ann, agus is é bá héadach dhó purpuir agus sioda, agus do théigheaddh sé chum bídh go roshóghamhuil gach laói:

20. Achd do bhí duine bochd áirgighe ann, dar Lás, do bhí na luidhe agá gheatasan, lán do chréachduibh,

21. Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda.

22. Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;

23. Agus ar mbeith dhó a nifearn a bpíanuibh do thóg sé a shúile súas, agus do chunnairc sé Abraham a bhfád Uadh, agus Lasarus ann a uchd.

24. Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana tócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.

25. Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh.

26. Agus do bhárr orrtha so uile, atá fodhomhain mhór ar na cur eadruinne agus sibhsi: ionnas nach Eidir leis na daóinibh lé budh mían é dul as so chugaibhsi: na teachd as sin, chuguinne.

27. Agus a dubhairt seision, Maseadh, íarruim ort a athair, eision do chur go tigh matharsa:

28. Oir atáid cúigear dearbhrathar agam; do thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh siadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na péine.

29. A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáighe aca; éisdeadh síad riusan.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 16