Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 15:8-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Nó cía an bhean agá mbíadh deich mboinn, agus do léigfeadh si ááon bhonn diobh a mugha, nach lasadh solas, agus nach sguaibéochadh an tígh, agus nach íarrfadh go dithcheallach nó go bhághadh si é?

9. Agus ar na fhagháil, goiridh sí a bancháirde agus a banchomharsain a gceann a chéile, ag radh, Deannidh gáideachas léamsa; óir fuáir mé mo bhonn do leig me a múgha.

10. Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.

11. Agus a dubhairt sé fós, Do bhádar días mac ag duine aáirghe:

12. Agus a dubhairt an ti dob oige aca ré na athair, Athair, tabhair dhamh an chuid roitheas misi dod mhaóin. Aagus do roinn seision a mhaóin eatorra.

13. Agus tar éis bheagáin aimsire ag cruinniughadh a choda uile don mhac dob óige, do chúaidh sé air coigcrigh adtalamh imchían, agus do dhiombail sé ann sin a mhaóin lé na bheathaidh baoth-chaithfigh.

14. Agus tar éis a choda uile do chaitheamh dho, déirih gorta romhór ann sa tir sin; agus do thosaigh seision ar bheith a ríachdanas.

15. Agus do imigh sé roimhe agus do cheangal sé e fein do chaithruightheóir don tír sin; noch do chuir fána dhúitche a mach é do bhúachuilleachd muc.

16. Agus bá mhian leis a bhlog do Líonadh do na féithéoguibh do na muca: agus ní thugadh éanduine dhó íad.

17. Agus an ta n do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé, Gá mhéd luchd túarasdail matharsa agá bhfúil iomarcaidh aráin, agus misi ag dul a mugha le gorta!

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 15