14. Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: ó do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.
15. Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé.
16. Achd a dubhairt seision rís, Do rinne duine áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán:
17. Agus do chuir sé a shearbhfhoghantaidh a nam suipéir dá rádh ris an muinntir fuáir cuireadh, Tiagidh: Oir atáid na huile neithe a nois ullamh.
18. Agus do thionnsgnadar uile dáonghuth a leithsgéul do ghabháil. A dubhairt an céadduine ris, Do cheannaigh mé fearann, agus is éigin damh dhul amach agus a fhéachain: íarruim ort gabh mo leithsgéul.
19. Agus a dubhairt fear eile, Do chéannaigh mécúig cuingealuigh do dhaimhuibh, agus atáim ag dul dá ndearbh-adhíaruim ort gabh mo gabh mo leithssgéul.
20. Agus a dubhairt fear eile, Do phós mé bean, ar a nadhbhairsin ní fhéaduim theachd.
21. Agus ar dteachd don tsearbhfoghautidhe, dinnis sé na neithesi dhá thighearna. Ann sin ar ngabháil feirge dfear an tighe a dubhairt sé ré ná óglach, Imthigh go tapuidh fá shráidibh agus tabhair leachd a sdeach annsona boichd, agus na bacaigh, agus na doill.
22. Agus a dubhairt an searbhfoghautidhe, A tighearna, do rinneadh mar a duirt, gidheadh atá ann fós.
23. Agus a dubhairt an tighearna ris a nóglach, imitigh fá ná fálfuibh, agus coimhéignidh íad do theadh a sdeach, do chum go lionfuidhe mo thigh.
24. Oír a derim ribh, Nach blaifidh, aon nduine do na fearuibh úd fuáir cuireadh dom shuipéarsa.
25. Agus do bhí slúagh mór na chuideachda: agus ar bhfilleadh dho, a dubhairt ríu,
26. Gidh bé thig chugamasa, agus nach sé a athair, agus a mhathair, agus a bhean, agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha, agus a dheirbhsiúreacha, agus fós a anam fein, ní heidir leis bheith na dheiscipbal agamsa.
27. Agus gidh bé nach iomchrann a chros déin, agus nach leanann mise, ní héidir leis bheith ná dheisciobal agamsa.