Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 13:28-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá bhur dteilgean amach.

29. Agus tiocfuid mórán ó nard shoir, agus ó naird shiár, agus ó thúaidh, agus ó dheas, agus suidhfid síos a rioghachd Dé.

30. Agus, féuch, ataíd dáoine ar deireadh bhiás a dtosach, agus atáid a dtósach bhiás ar deireadh.

31. An lasin féin tangadar cuid airighe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáith do mharbhadh.

32. Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá.

33. Achd cheana is éigin damh a niu, agus a márach, agus a noirrthíor a bheith ag siubhal: oír ní héidir fáigh bás fagháil táobh amuich do Iárusalém.

34. O a Ierusalém, á Ierusalém, noch mharbhas na fáighe, agus ghabhas do chlochaibh ar na dáoinibh churthar chugad; gá mhioncachd bá mían leam do chlann do chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh, agus níor bháill libh!

35. Féuch, fágthar bhur dtigh na fhásach aguibh: Agus a deirimsi ribh go fírinneach, Nach bhfaicfí misi, no go dtí a núair a naibeórtháoi, Is beannaighe an té thig a nainm an Tighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 13