Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 13:22-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus do chúaidh sé tri gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem.

23. Agus a dubhairt duine áirighe ris, A Thighearna, an beag do shlánuighthear? Agus a dubhairt seision ríu,

24. Déanuidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa doras chumhann: óir a deirim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a sdeach, agus nach búdh éidir leó:

25. O a nuáir fá néireóchaidh fear an tighe, agus fá a ndúnfa sé a dhóras, agus thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich, agus an doras do bhuáladh, ag rádh, A Thighearna, A Thighearna, osguil dúinne; agus ar bhfreagra dhósan a déara sé ribh, Ní bhfuil a fhios agam cía bas dáoibh:

26. Ann sin toiseóchtháiusu a rádh, Do bhimis ag ithe agus ag ól an fhiadnuisi, agus do bhiothá ag teagasg ann ar sráidibh.

27. Agus a déaraidh sé, A deirim ribh ní bhfuil a fhios agam cia bas dáoibh; imthigh úaim, uile a luchd déanta na béagcóra.

28. An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá bhur dteilgean amach.

29. Agus tiocfuid mórán ó nard shoir, agus ó naird shiár, agus ó thúaidh, agus ó dheas, agus suidhfid síos a rioghachd Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 13