Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:46-56 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

46. Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.

47. Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air.

48. Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.

49. Taínic misi do chur teineadh air an talamh; agus créd eile diárrfuinn, ma atá sí ar na lasadh cheana?

50. Achd is éigin damhsa mo bhaisdeadh lé baisdeagh; agus créd a mhéd chuibhrighthear mé no go gcríochnuighthear é!

51. An sáoilti gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh tháinic misi? a deirim ribh, Nach eadh; achd ceannairce:

52. Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír.

53. Biáidh an tathair a naghuidh an mhic, agus an mac a naghuidh a nathair; an mhathair a naghuidh na hiughine, agus a ninghean a naghuidh na mathara; agus mathair an fhir phósada a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a naghuidh mathar a fir.

54. Agus a dubhairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do chithi néull ag éighe ón táoibh a nsiár a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd; agus is amhluidh bhíos.

55. Agus an tráth do chithí an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí, Bíaidh teasmhach ann; agus bí sé mar sin.

56. A luchd an fhuárchrabhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12