Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:44-59 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

44. Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuill aige é.

45. Achd má deir an seanbhfhoghantuighe úd ann a chroidhe féin, Cuirfidh mo thighearna a theachd a ríghneas; agus go dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buáchailidh agus ná cailinidh, agus bheith ag ithe agus ag ól, agus ar meisge;

46. Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.

47. Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air.

48. Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.

49. Taínic misi do chur teineadh air an talamh; agus créd eile diárrfuinn, ma atá sí ar na lasadh cheana?

50. Achd is éigin damhsa mo bhaisdeadh lé baisdeagh; agus créd a mhéd chuibhrighthear mé no go gcríochnuighthear é!

51. An sáoilti gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh tháinic misi? a deirim ribh, Nach eadh; achd ceannairce:

52. Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír.

53. Biáidh an tathair a naghuidh an mhic, agus an mac a naghuidh a nathair; an mhathair a naghuidh na hiughine, agus a ninghean a naghuidh na mathara; agus mathair an fhir phósada a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a naghuidh mathar a fir.

54. Agus a dubhairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do chithi néull ag éighe ón táoibh a nsiár a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd; agus is amhluidh bhíos.

55. Agus an tráth do chithí an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí, Bíaidh teasmhach ann; agus bí sé mar sin.

56. A luchd an fhuárchrabhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse?

57. Agus, créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann?

58. Agus fós an tan théid tá réd easgcaruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slighe, air thú féin do reíteach úadh; deagla go dtairrngeadh sé chum an bhreithimh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh don tsirríam thú, agus go dteilgfeadh an sirriam thú a bpriosím.

59. A deirim riot, nách dtiocfa tú a mach as sín, no go nióca tú an fheóirlinn deigheanach.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12