Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:29-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Ar a nadhbharsin, na fiáfruidhidhsi créd iosdáoi, nó créd iobhtháoi, agus na bíthi amharusach.

30. Oír a said na neithesi uile iárraid cinidheacha an domhain: achd atá a fhios ag bhur Nathairse go bhfuil a ríachdanas so oraibh.

31. Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh.

32. Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.

33. Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.

34. Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.

35. Bíodh bhur leasrach ceangailte timchioll, agus bhur lóchráinn ar lasadh;

36. Agus sibh féin comhchosmhud ré dáoinibh ag fuireach ré na dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh; ionnas ar dteachd agus ar mbuáladh an doruis dó, go noisgeolaidis gan fhuireach.

37. Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.

38. Agus má thig sé sa dara faire, agus má thig sé sa treas faire, agus go bhfuighe só mar sin iád, is beannaighe na scarbhfhoghantuighe sin.

39. Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuilcóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd.

40. Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12