Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:27-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

27. Tabhraidh dá bhur naire na lilidhe ciondus fhásaid said: ní dhéanuid said sáothar, agus ní shníomhuid said; achd a deirim ribh, nach raibh Solamh féin ann a ghlóir uile ar na éadughadh mar áon díobh so.

28. Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?

29. Ar a nadhbharsin, na fiáfruidhidhsi créd iosdáoi, nó créd iobhtháoi, agus na bíthi amharusach.

30. Oír a said na neithesi uile iárraid cinidheacha an domhain: achd atá a fhios ag bhur Nathairse go bhfuil a ríachdanas so oraibh.

31. Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh.

32. Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.

33. Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.

34. Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.

35. Bíodh bhur leasrach ceangailte timchioll, agus bhur lóchráinn ar lasadh;

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12