Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:11-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus an tan do bhéaruíd said sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi:

12. Oír múinfidh an Spiorad Náomh dháoibh ar a nuársin féin, na neithe is coir dháoibh do rádh.

13. Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium.

14. Agus a dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó am rannadóir?

15. Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.

16. Agus a dubhairt sé cosamblachd riú, ag rádh, Tug fearann dhuine sháidhbhir áirighe toradh mór:

17. Agus do smuáin sé ann féin, ag radh, Créd do dhéana mé, oir ní bhfuil áit agam ann a gcruinneocha me mo thórthuighe?

18. Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin ionnta.

19. Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa chomchair mhórán bliadhan; fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bí go súgach.

20. Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid said hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú?

21. Is mar sin atá an té chrunnigheas ionnmhas dó féin, agus nach bhfuil sáidhbhir a Niliá.

22. Agus a dubhairt sé ré na dheisciobhluibh, Uime so a deirim ribhsi, Ná bidhidh, ro chúramach tá bhur gcorp, créd é an ní íosdáoi umuibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12