Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 12:10-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.

11. Agus an tan do bhéaruíd said sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi:

12. Oír múinfidh an Spiorad Náomh dháoibh ar a nuársin féin, na neithe is coir dháoibh do rádh.

13. Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium.

14. Agus a dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó am rannadóir?

15. Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.

16. Agus a dubhairt sé cosamblachd riú, ag rádh, Tug fearann dhuine sháidhbhir áirighe toradh mór:

17. Agus do smuáin sé ann féin, ag radh, Créd do dhéana mé, oir ní bhfuil áit agam ann a gcruinneocha me mo thórthuighe?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 12