Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 10:31-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

31. Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe.

32. Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile.

33. Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é

34. Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.

35. Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é.

36. A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach?

37. Agus a dubhairt seísion, An tí ud do rinne trocaire air, Ar a nadhbhasin a dubhairt Iósa ris, Imthighsi agus déana mar an gcéadna.

38. Agus tárla, ag imtheachd dóibh, go ndeachaidh seision go baile áirighe: agus go rug bean áirighe dar bhaimn Martá dá tigh fein é.

39. Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na bhríathraibh.

40. Agus do bhí Martá lán do chúram lé hiomad friotholuimh, agus a dubhairt sí, A Thighearna, an é nach meisde leachd mar dfág mo dheirbhshiúr misi am áonar ag friotholamb ar a nadhbharsin abair riá cungnamh riom.

41. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ría, A Mhartá, a Mhartá, atá tú ro chúramach agus buaidhridh tú thú féin fá mhóran do neithibh:

42. Achd cheana ein ní a mhaín atá riachdanach: rug Muire an chuid mhaith do roghain, nach béarthar uáithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 10