Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 10:21-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.

22. Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.

23. Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi:

24. Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.

25. Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?

26. Achd a dubhairt seision ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú?

27. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.

28. Agus a dubhairt seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus maírfidh tú.

29. Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa?

30. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé, Do chúaidh duine áirighe siós ó lérusalem go Iérico, agus tárla a measg bhiothamhnach é, do shlad e, agus do loit é, agus do imthigh rompa, ar na fhagbháil leathmharbh.

31. Agus tárla tré chinneamhain gur ghabh sagart áirighe síos sa tslighe sin: agus ar na fhaicsinsion dó, do ghabh sé thairis don táobh eile don tslighe.

32. Agus mar an gcéadna Lebhita, a teachd chum a nionaid sin, ar na fhaicsin dó, do ghábh sé tháiris don táobh eile.

33. Agus ar mbeith ag gabháil na sligheadh, do Shamaritánach áirighe, tháinic sé mar a raibh seision: agus ar na fhaicsin, do ghabh truáighe ghér dhó é

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 10