Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 10:16-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.

17. Agus do fhilleadar an deithneabhar agus trí fichid maille lé gáirdeachas, ag rádh, A Thighearna, ataíd na deamhuin féin fá smachd aguinne tréd ainmsi.

18. Agus a dubhairt sesion ríu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh.

19. Fénch do bheirim dhíbh cumhachda saltairt air na haithreachaibh nimhe agus ar na scorpiónuibh, agus ar uile neart namhad: agus ní ghoirteochaid éin ní sibh.

20. Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.

21. Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.

22. Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.

23. Agus ar bhfilleadh chum a dheiscíobal, a dubhairt sé fá leith riú, is beannaighthe na súile do chí na neithe do chithísi:

24. Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.

25. Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?

26. Achd a dubhairt seision ris, Créd a tá sgríobhtha ann sa dligheadh? Cionnas léaghas tú?

27. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.

28. Agus a dubhairt seision ris, As díreach do fhreagair tú: déanasa so, agus maírfidh tú.

29. Achd ar mbeith dhósan, funnmhar ó a fhiréantachd féin da thaisbéanadh, a dubhairt sé re Híosa, Maseadh ciá hé mo chomharsa?

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 10