Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lucais 10:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus na dhiaigh so dórduigh an Tighearna mar an gcéadna deithneabhar agus trí fichid eile, agus do chuir sé na ndís agus na ndís roimhe féin iád dá gach uile chathruigh agus ionnad, ann a raíbh a theachd féin.

2. Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.

3. Imthighidh: féuch, ataimse dá bhur gcur úaim mar úana a measg mhadradh allta.

4. Ná hiomchruidh sbarán, na tiach loín ná bróga: agus ná beannaighidh do neach ar bith sa tslighe.

5. Agus gidh bé tigh iona rachtáoi a sdeach, abruidh ar tús, Go raibh sióthcháin don tighse.

6. Agus má bhionn Mac na sióthchána annsin, do dhéannidh bhur sióthcháinsi comhnuighe air: achd muna raibh, fillfidh sí chugaibh féin a rís.

7. Agus fanaidh an sa tighsin, ag ithe agus ag ól na neitheann atá aca: óir is fiú an toibrigh a thuárasdal. Ná himighidh ó thigh go tigh.

8. Agus gidh bé cathair ann a rachtáoi a sdeach, agus go ngéubhaid siád sibh, ithidh na neithe chuirid siád ann bhur bhfiadhuisi:

Léigh chaibidil críochnaithe Lucais 10